Nuacht

Fuarthas daor Lucy Letby sna cionta i gcúirt i Manchain Dé hAoine beag seo. Dhiúltaigh sí teacht os comhair na cúirte an lá sin agus arís inniu nuair a gearradh an phianbhreith uirthi.
Cuireadh tús le triail Lucy Letby, atá 33 bliain d'aois, i mí Dheireadh Fómhair anuraidh agus phléadáil sí neamhchiontach sna cionta ar fad a bhí curtha ina leith.